An sainmhíniú coitianta a thugtar ar “Oilithreacht” ná turas fada a dhéanamh go láithreán naofa éigin mar chleachtas deabhóideach spioradálta. Téann traidisiún na hoilithreachta siar go tús ré na Críostaíochta- agus is féidir go raibh a bhunús sa turas a rinne na Giúdaigh tríd an Éigipt.
Sa mhoch-eaglais Críostaí ar na hoileáin seo, bhí cáil ar áiteanna áirithe mar láithreáin naofa, agus tuigeadh go mbaintear leas spioradálta as turais a dhéanamh chucu–Dún Phádraig, Cluain Mhic Nóis, Sceilig Mhichíl, Oileán Í Cholm Cille (tobar na Críostaíochta in Albain) agus Cantarbaraí i Sasana (áit ar cuireadh Thomas à Beckett chun báis) ina measc. Ar ndóigh, bíonn traidisiún na hoilithreachta le feiceáil freisin i mór-thraidisiúin reiligiúnacha eile an Domhain- na hIoslamaigh ag dul go Meice agus Medina, cuir i gcás.
Tá athbheochan tagtha ar nós na hoilithreachta sa traidisiún Anglacánach. I 1963, ghlac cléirigh de chuid Eaglais na hÉireann páirt i dturas curaí go hOileán Í Cholm Cille, le comóradh 1,400 bliain a dhéanamh ar theacht Naomh Colm Cille ann. Ar Lá ‘le Pádraig, eagraítear siúlóid phaidre ó Shabhall go dtí Ardeaglais Dhún Phádraig, áit ina gcuirtear seirbhís idirchreidmheach ar siúl. Threoraigh an tEaspag Harold Miller an tsiúlóid i mbliana. I 1921 rinne an tAthair Alfred Hope Patten, sagart Anglacánach, athchóiriú ar scrín na Maighdine Muire i Walsingham Shasana, agus bíonn oilithreachtaí ag dul ann ó dheoisí Eaglais Shasana ar bhonn rialta- ceann acu treoraithe ag Ardeaspag Chantarbaraí, Rowan Williams. Anuraidh, chuaigh Williams ar oilithreacht go Lourdes i ndeisceart na Fraince i dteannta 10 n-easpag Anglacánacha, 60 sagart agus 400 adhraitheoir, agus thugadar cuairt ar grotto an taispeántais. Cháin an tUrr Jeremy Brooks, stiúrthóir Chumann Phrotastúnach na Fírinne, Williams go géar as an turas seo. Eagraíonn Cairde Ardteampall Chríost i mBaile Átha Cliath turas/ oilithreacht le linn shéasúr an Fhómhair gach bliain. Bíonn na céadta míle ó gach aicme chreidimh ag triall ‘chuile bhliain ar an Camino de Santiago, bealach Naomh Séamais i dTuaisceart na Spáinne.
Céard iad na buanna atá ag oilithreacht sa domhan comhaimseartha- domhan ina mbíonn strus mór ar dhaoine de bharr riachtanais oibre agus brú na teicneolaíochta- domhain ina mbíonn fáil ar dhaoine de shíor ag bun líne fón póca, ar Blackberry nó trí cheangal idirlín?
Bhuel, cosúil le turas ar bith eile, tá athrú suímh i gceist- caithfidh tú dul áit éigin atá éagsúil ó d’ionad oibre nó cónaithe ar feadh tréimhse. Is féidir é sin a dhéanamh id’ aonair nó i gcomhluadar. Ná bí ag ceapadh nach mbíonn an chraic agus an spraoi i gceist le hoilithreacht (is léir ó Scéalta Chantarbaraí Geoffrey Chaucer go raibh le fada an lá). Tagann na hoilithrigh le chéile ag na béilí agus bíonn imeachtaí cosúil le seisiúin amhránaíochta ar siúl sna hóstáin ina bhfanann siad, nó eagraítear turais lae chuig láithreáin shuimiúla sa cheantar. Bíonn saoire ón ngnáthshaol agus an chráifeacht ag oibriú i dteannta a chéile. Ar leibhéal eile, feidhmíonn an deasgnáthas cráifeach mar bhealach chun an intinn a chiúnú síos, nó a mhoilliú, de bharr an athrá a ghabhann leis- na hoilithrigh ag gabháil thart ag aithris paidreacha- cineál mantra a bhíonn ann.
Turas, saoire, ciúnú aigne- is léir go bhfuil fiúntas do shaol ár linne ag baint le hoilithreacht.
(Foilsíodh an t-alt seo sa Church of Ireland Gazette ar an 10 Deireadh Fómhair 2009).
No comments:
Post a Comment