Déardaoin 10 Nollaig 2009

Teangacha "na nOIleán seo"




Ceist: Cén áit ina mbeadh Ard-choylargh Oileán Mhanainn, Taoiseach na hÉireann, Báille Gheansaí, Céad Aire na hAlban agus Príomh Aire na Breataine bailithe le chéile? Freagra: Comhairle na nOileán.
Mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998, bunaíodh “An Chomhairle Briotanach-Éireannach” nó “Comhairle na nOileán” mar a thugtar uirthi go minic.
Is ainmhí aisteach neamhshiméadrach í an Chomhairle. Tá dhá rialtas cheannasacha – Éire agus an Ríocht Aontaithe- mar bhaill, ach tá rialtais agus feidhmeannais ó réigiúin eile sna “hOileáin Bhriotanacha” mar bhaill chomh maith: Oileán Mhanainn, Geirsí, Geansaí, an Bhreatain Bheag, Tuaisceart na hÉireann agus Albain. Níl Oileán Mhanainn nó Geirsí nó Geansaí sa Ríocht Aontaithe nó san Aontas Eorpach, ach is réigiúin iad atá spleách ar Choróin nó ar Rialtas na Ríochta Aontaithe. Cuireadh Comhairle na nOileán ar bun go príomha le hAontachtaithe an Tuaiscirt a shásamh, toisc go raibh Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas (le béim ar chomhoibriú idir an Tuaisceart agus an Deisceart) le bunú ag an am céanna. Dar leis na hAontachtaithe, léireodh Comhairle na nOileán ionannú leis na codanna eile de na “hOileáin Bhriotanacha”. Is fearr leo an “East-Westery” ná an “North-Southery”, lá ar bith!

Cé gur rinneadh dochar do chlú Tony Blair mar gheall ar an ionradh tubaisteach ar an Iaráic, ní mór a chuimhneamh gur thug sé athruithe suntasacha bunreachtúla isteach sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na 90idí, ag cruthú parlaiminte i nDún Éideann agus comhthionól i gCardiff agus i mBéal Feirste. Thug an déabhlóid chumhachta seo deis do Rialtas Bhaile Átha Cliath a gcaidrimh féin a bhunú lena gcomharsana ceilteacha.

Níl cumhachtaí reachtaíochta ag Comhairle na nOileán, ach fóram atá inti ina ndéanann na baill comhoibriú i réimsí atá sonraithe: Drugaí, Turasóireacht, Cuimsiú Sóisialta agus Teangacha Mionlach/Neamhfhorleathana san áireamh.

Siad na teangacha mionlach/neamhfhorleathana a fhaightear i náisiúin/réigiún na Comhairle ná: Gaeilge, Albainis Uladh, Gàidhlig na hAlban, Albainis, Breatnais, Manainnis, Coirnis, Jerrais agus Guernésiais. Is teangacha ceilteacha iad an Ghaeilge, Gàidhlig na hAlban, an Mhanainnis, an Bhreatnais agus an Choirnis. Is teanga Ghearmánach í an Albainis. Tá Jerrais agus Guernésiais mar theangacha nó canúintí Normannacha/Fraincise, atá imithe i léig don chuid is mó. Ní chloisfidh tú mórán de Jerrais á labhairt anois má thugann tú cuairt ar Oileán Geirsí- áit ar leith, le tréithe den Fhrainc agus den Bhreatain araon le sonrú inti.
Níos cóngaraí do bhaile, tá Yn Bunscoil Gaelgagh ar Oileán Mhanainn, in aice le gort Tynwald, ina mbíonn páistí á dteagasc trí mheán na teanga. Fuair an cainteoir dúchais deireanach, Ned Maddrell, bás i 1974, ach tá iarrachtaí á ndéanamh anois chun an teanga a athbheochan. Nuair a thug de Valera cuairt ar an oileán sna 1940idí, bhí sé in ann bheith ag comhrá le cainteoirí Manainnise. Chuaigh an Coimisiún Béaloidis thall chun taifead a dhéanamh ar chainteoirí ag an am. Ghlac roinnt Manannach páirt i bhFéile Cholmcille ar Oileán Muile i 2007, ina measc Phil Gawne MHK, Aire Talmhaíochta Mhanainn (agus cainteoir Mhanainnis) agus Paul Rogers, oide sa Bhunscoil.

Tá stádais éagsúla ag na teangacha mionlach i réigiúin éagsúla Chomhairle na nOileán. I bPoblacht na hÉireann mar shampla, is teanga náisiúnta agus oifigiúil í an Ghaeilge faoin mBunreacht, le haitheantas reachtúil trí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Sa Bhreatain Bheag, ní mór cothrom na féinne a thabhairt don Bhreatnais san earnáil phoiblí, sa mhéid go bhfuil sé praiticiúil sin a dhéanamh, de thoradh an Achta um Rialtas na Breataine Bige 1998. Ach tá neart cainteoirí Breatnaise ar fud na tíre. Tá creatlach reachtúil ann le hiarraidh ar chomhlachtaí poiblí scéimeanna teanga a hullmhú, mar atá sa Phoblacht.



In Albain, ritheadh Acht na Gàidhlig (Albain) i 2005, a chuir Bord na Gàidhlig ar bhonn reachtúil, agus an cúram air Plean Náisiúnta don teanga a hullmhú. Tá cuid mhaith forbartha fós le déanamh, agus tá líon na gcainteoirí sách íseal. Bíonn an teanga á labhairt go fóill ar na hoileáin iartharacha ach go háirithe, ach tá borradh le feiceáil sna healaíona, i gcúrsaí oideachais agus sna meáin. Sabhal Mòr Ostaig, an Coláiste ceannródaíoch Gàidhlig, lonnaithe ar an Oileán Sgitheanach. Cothaíonn an t-eagras Colmcille naisc le Gaeilge na hÉireann. Tá meánscoil i nGlaschú, agus tá Oifigeach Gàidhlig ceaptha anois san Ollscoil ansin.

Ceisteanna sainiúla iad stádas oifigiúil na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus cás na hAlbainise. Ach tá an Chairt Eorpach um Theangacha Neamhfhorleathana dearbhaithe ag an Ríocht Aontaithe do na teangacha seo a leanas: Gaeilge (i dTuaisceart Éireann), Albainis (sa Tuaisceart agus in Albain), Gàidhlig na hAlban, Breatnais, Coirnis agus Manainnis (thar cheann Rialtas Oileán Mhanainn). Cén buntáiste a bheidh le feiceáil?

(Foilsíodh an t-alt seo i mBeocheist an Irish Times ar an 8 Nollaig 2009)