Déardaoin 26 Aibreán 2012

Scéal Staraí- agallamh leis an staraí Mícheál Ó Siochrú















Seo nasc chuig agallamh a rinne mé anuraidh le Mícheál Ó Siochrú, staraí agus údar God's Executioner: Oliver Cromwell and the conquest of Ireland.

Tá rudaí suimiúla le rá aige faoin "stair chomhroinnte" agus "athbhreithniú"na staire. Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as.

Foilsíodh an t-alt seo i Trinity Today, iris alumni Choláiste na Tríonóide, i Meán Fómhair 2011.


Dé Céadaoin 11 Eanáir 2012

Siompóisiam ar Acht na dTeangacha Oifigiúla- Satharn 21 Eanáir 2012

Tá sé i gceist ag Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, i gcomhar le Craobh na gCeithre Chúirteanna de Chonradh na Gaeilge (le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta), Siompóisiam Poiblí a reáchtáil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gColáiste na Tríonóide ar an Satharn 21 Eanáir 2011.

'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Leasú chun feabhais' a bheidh mar theideal ar an Siompóisiam seo, atá á chur ar siúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógartha ag an Rialtas maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus a héifeachtachta.

Seo mar a leanas leagan amach an tSiompóisiam:

  • SEISIÚN 1 (10.00-11.45RN): SÚIL SIAR A CHAITHEAMH AR FHORFHEIDHMIÚ NA REACHTAÍOCHTA Ó 2003 i leith, le haitheasc ón gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le taithí a oifige féin; aitheasc ó ionadaí as Roinn na hEalaíona, na hOidhreachta agus na Gaeltachta agus léargas a fháil ó Oifigeach Gaeilge in eagras poiblí maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta go hinmheánach in eagras.
  • SEISIÚN 2 (12.00-1.30IN): LÉARGAIS A FHÁIL AR ÉIFEACHTACHT NA REACHTAÍOCHTA, ó chleachtóir dlí (Dáithí Mac Cárthaigh BL) maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chóras dlí; ó Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearcadh eagras Ghaeilge ar éifeachtacht na reachtaíochta agus a dtuairimí lena fheabhsú; agus ó Éamonn Mac Niallais ón bhfeachtas pobail Guth na Gaeltachta maidir leis an chaoi a fheidhmíonn an reachtaíocht ar son cearta teanga ar an talamh sna Gaeltachtaí agus na leasuithe a mheasann siad atá de dhíth.
  • SEISIÚN 3 (2.00-3.00IN): RÉIMSE LEATHAN TUAIRIMÍ AR CHEIST NA REACHTAÍOCHTA, NA H-ATHBHREITHNITHE AGUS A FHEABHSAITHE, A BHAILIÚ le chéile ó ionadaithe na n-eagras Ghaeilge agus ó dhaoine aonair, trí Fhóram Plé oscailte a éascú. Eimear Ní Chonaola (TG4) a bheidh i mbun an Fhóram Plé.Is í Eimear Ní Chonaola an príomhláithreoir nuachta ar TG4. Is an Spidéal di ó dhúchas agus is céimí í d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh sé mar aidhm ag an Siompóisiam páipéar cuimsitheach a chur le chéile, bunaithe ar imeachtaí an lae, ar na ceisteanna uile atá le tabhairt san áireamh agus athbhreithniú an Rialtais ag dul ar aghaidh. Déanfar é seo trí Rapporteur /Tuairisceoir a fháil, a leanfaidh imeachtaí an lae go géar agus a thabharfaidh faoi pháipéar a chur le chéile. Cuirfear é seo ar fáil don Rialtas mar ábhar cúnaimh don phróiseas athbhreithnithe.
Beidh an ócáid seo oscailte do mhic léinn, cleachtóirí dlí agus phobal mór na Gaeilge, mar aon le hionadaithe ó na heagrais Ghaeilge, agus gach éinne le spéis san ábhar, agus beidh fáilte ar leith roimh ionchur san Fhóram Plé.

Cuirfear sólaistí ar fáil. Tosóidh imeachtaí an lae ag 10.00am le fáilte ón Ollamh Gerry Whyte ó Scoil an Dlí, Coláiste na Tríonóide, agus le cúpla focal ó Eithne Reid O’Doherty BL, rúnaí, Craobh na gCeithre Chúirteanna.

Sonraí na gcainteoirí

Seán Ó Cuirreáin
Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Athcheapadh ar an mbealach céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.
Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga.

Aonghus Dwane
Tá Aonghus Dwane ag obair le Coláiste na Tríonóide mar Oifigeach Gaeilge (sheol an Coláiste a scéim teanga i 2010). Is aturnae é, agus nuair a bhí sé ag obair le hOifig an Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí, bhí sé bainteach le scéim teanga na hoifige sin.

Dáithí Mac Cárthaigh
Is abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh. Chomh maith leis sin tá sé mar chomhordaitheoir Dlí agus Gaeilge le hÓstaí an Rí. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn.

Julian de Spáinn
Tá Julian de Spáinn mar Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó 2005 agus roimhe sin bhí sé mar Bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge Teo. Bhí sé mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn i 2000/01.

Éamonn Mac Niallais
Tá Éamonn Mac Niallais mar urlabhraí le Guth na Gaeltachta (feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta). Chomh maith leis sin tá Éamonn mar Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá eolas breise ar fáil ó na teagmhálaithe seo a leanas;

  • Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge TCD.gaeloifig@tcd.ie, Teil; +353 (0)1 896 3652, 087 6232841
  • Eithne O’Doherty BL, Craobh na gCeithre Chúirteanna, Conradh na Gaeilge eodoherty@lawlibrary.ie, Teil 086 8 380 380
  • Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha & Oifige, Conradh na Gaeilge sine@cnag.ie, Teil +353 (0)1 4757401, 087 6546673