Tháinig mearbhall orm ar an Domhnach seo chaite agus mé ag dul thar stáisiún traenach/DART ar Ré Westland i dteannta m'athair. Chonaiceamar fógra lasmuigh den stáisiún- "
Stáisiún na bPiarsach". Shíleamar gur botún a bhí ann. Chaithfeadh gur "Stáisiún an Phiarsaigh" an t-ainm ceart, más rud é go raibh sé ainmnithe i ndiaidh
Phádraig Mac Piarais? Chuimhigh muid ar ainm na scoile ar a fhreastal mé féin agus mo bheirt dheirfiúr i gCorcaigh- "Coláiste an Phiarsaigh". Agus ar "Áras an Phiarsaigh" i gColáiste na Tríonóide. An raibh an staisiún ainmnithe i ndiaidh iliomad Piarsach? Ar ndóigh, bhí dul amú orainn beirt. Ar an traen abhaile go Corcaigh dó, rith sé le m'athair go gcaithfí go raibh an staisiún ainmnithe i diaidh Phádraig agus
Willie beirt- na deartháireacha a cuireadh chun báis i ndiaidh Eirí Amach 1916. Fuaireas féin an freagra céanna nuair a d'ardaigh mé an cheist ag mo rang cruinnis i
nGaelchultúr aréir.
Is deas é gur ainmníodh an
staisiún i ndiaidh na beirte. Ní chuimhnítear minic go leor ar Willie- ealaíontóir, a rinne staidéar ag an Metropolitan School of Art. Chabhraigh sé lena dheartháir Scoil Éanna a rith.
Chuaigh Willie isteach in Oglaigh na hÉireann lena dhearthair, agus ghlac páirt san Eirí Amach. Ar an 3 Bealtaine 1916, agus é mar phríosúnaí i gCill Mhaighneann, tugadh cead dó ar deireadh cuairt a thabhairt ar a dhearthair Pádraig, ach ar a bhealach thall, cuireadh Pádraig chun báis. Cuireadh Willie féin chun báis an lá dar gcionn.
Níor chreid Pádraig go gcuirfí Willie chun báis.
Ina dhán "To My Brother", scríobh Pádraig:
"Leaving all things for me, spending yourself
In the hard service that I taught to you,
Of all the men that I have known on earth,
You only have been my familiar friend,
Nor needed I another."
4 comments:
Nach deas an léann a bhaintear as staisiúin traenach?
Is fíor duit- bíonn an diabhal tuiseal ginideach sin de shíor ag ardú a cheann urghránna i ngach uile áit! Chonaic mé fógra eile an lá céanna: "Plás Northumberlainn"- cuma áiféiseach ar gaeilge- sa tuiseal ginideach- a bheith á chur ar Northumberland, mheasfá.
Is de bharr Gael-Taca atá comhstádas ar na comharthaí in Iarnród Eireann againn. D'oibrigh siad leis an comhlacht chun iad a chur i bhfeidhm i Stáisiún Uí Chonghaile agus anois tá an polasaí i bhfeidm i an comhlacht ar fad.
Is de bharr Gael-Taca atá na fograí béil idir BAC agus Corcaigh dátheangach chomh maith.
Bheul is de bharr Pádraig O' Cuanacháin ach go háirithe atá nua rudaí thuas againn. Ní bheidh a leithéid ann arís.
Aontaím go h-iomlán: fear iontach a bhí i Pádraig O Cuanacháin, cinnte. Tá Gael Taca ag gníomhú le blianta fada i gCorcaigh. Tá busanna ag dul timpeall na cathrach agus fógrai breátha Gaeilge in airde orthu, mar thoradh ar a shaothar.Bhi sé ina cheannródaí ó thaobh tuiscine ar ról na h-earnála phríobhádaí i gcur chun cinn teanga, agus bhí sé fuinniúil & gníomhach, fad a bhí cuid mhaith de lucht na Gaeilge fós sona sásta fanacht ina ngeiteo bheag chompórdach féin, ag olagón faoi meath na teanga agus "coraibh crua an tsaoil".... ar dheis Dé go raibh a anam uasal
Post a Comment