Dé Céadaoin 18 Meitheamh 2008

Aontacht shibhialta an Easpaig Robinson

Tá Gene Robinson, Easpag New Hampshire de chuid Eaglais Easpagóideach (Episcopal Church) Mheiriceá, i ndiaidh dul isteach in Aontacht Shibhialta (civil union) lena pháirtí 20 bliana Mark Andrew. Agus é mar an chéad easpag atá go hoscailte aerach in Eaglais Easpagóideach Mheiriceá (TEC), ní bhfuair Robinson cuireadh chuig comhdháil domhanda na n-easpag Anglacánacha a bheas ar siúl i Lambeth Shasana an mhí seo chugainn. Ach tá sé ar intinn aige dul ann ar chor ar bith. Tá proibhinsí áirithe Anglacánacha san Afraic agus i Meiriceá Theas glan in aghaidh glacadh le heaspaig aeracha, ach dar le daoine in eaglais Mheiriceá, is ceist cearta daonna ata ann. Tá baol mór ann go scoiltfidh an Chomaoineach Anglacánach ar an gceist seo.

Dé Máirt 17 Meitheamh 2008

Laethanta suimiúla romhainn

Céard a tharlóidh anois? Mhol Fintan O'Toole san Irish Times inné go dtabharfaí Sinn Féin ar bórd fhoireann idirbheartaithe na hÉireann, foireann a bheidh ag iarraidh bealach chun tosaigh a aimsiú, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe Eorpacha. Seo moladh aisteach ón Uasal O'Toole, fear nach bhfuil gean ar bith aige ar Shinn Féin ná ar an náisiúnachas i gcoitinne. Ach síleann O'Toole go labhrann Sinn Féin ar son níos mó Éireannaigh anois (ar an gceist seo ar aon chuma) ná mar a labhrann an Rialtas féin. Ach dhiúltaigh an tAire Micheál Martin dul i gcomhairle le Shinn Féin, ar an mbonn go bhfuil fóram acu sa Dáil le ceisteanna a ardú.

Tá Nicolas Sarkozy ag tagairt do "l'incident irlandais". Tá Declan Ganley agus Libertas ag moladh go rithfear reifreann sa Ríocht Aontaithe. Tá William Hague, na Coimeádaigh agus sciar maith de phreas Shasana (slán mar a n-insítear é!) ag rá nár cheart bullaíocht a bheith á dhéanamh ar na hÉireannaigh! Ar an taobh eile, tá an chaint ag treisiú go mbeidh reifreann eile againn. Deireann Brian Cowen le José Emmanuel Barroso go bhfuil Conradh Liospóin fós beo (dar le Barroso). Is feidir bheith cinnte go mbeidh reifreann eile ann- muna dhiúltaíonn tír eile don chonradh. Seans fós go ndiúltóidh Poblacht na Seice don bheartas. Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén saghas beartais a chuirfear os ár gcomhair an chéad babhta eile. An rachaidh cuid le lucht "níl" i dtreo "tá"? Nó an rachaidh sciar de lucht "tá" i dtreo "níl"? Nósfaidh an aimsir. Laethanta suimiúla, cinnte!

Dé Sathairn 7 Meitheamh 2008

Deis úr do na Stáit Aontaithe

Agus Barack Obama anois roghnaithe mar iarrthóir an Pháirtí Daonlathaigh, an céad iarrthóir Afracach-Mheiriceánach d'Uachtaránacht Mheiriceá, tá feachtas stairiúil romhainn sar a votáilfidh pobal na Stáit Aontaithe i mí na Samhna. Féachfaidh morán daoine ar an toghchán mar dheis chun íomhá na Stáit Aontaithe a fheabhsú- íomhá atá imithe in olcas ó thosaigh an cogadh san Iaráic. Beidh súile na cruinne dírithe ar Tír an Dóchais. Beidh morán daoine ag glacadh insprioráid agus misneach ón iarrthóireacht seo, iad ag súil le Camelot úr sa Teach Bán.

Throid Hillary Clinton go cróga, misniúil. Beirt iarrthóir den scoth a bhí iontu. Ach tá an-drogall ar fhoireann Obama Hillary a thabhairt ar bórd mar iarrthóir don leas-uachtaránacht. Tá faitíos orthu go mbeadh Hillary, agus a fear chéile Bill, ag cruthú lárionad cumhachta dóibh féin sa Teach Bán. Ag an am gcéanna, tá a fhios go maith ag Obama go bhfuil an-díomá ar an-chuid mná nár eirigh le Hillary an t-ainmniúchán a bhaint amach. Dar leo, is comhartha é gur ann fós don "síleáil ghloine" (cé go mbeadh sé fíor-dheacair do dhuine ar bith in aghaidh iarrthóra chomh tarraingteach le Obama, ag an bpointe seo i stair na tíre). Tá a vótaí siúd, agus vótaí an lucht oibre bán a ghnóthaigh Hillary, de dhíth ag Obama chun an lá a thabhairt leis, i mí na Samhna. Ní mór dó cnámh tarraingteach éigin a chaitheamh ina treo. Ach seans go mbeidh Hillary ag díriú ar rudaí eile- í ag féachaint i dtreo cheannasaíocht an tSeanaid- bunáit mhaith chun ullmhú le haghaidh iarracht eile i 2012, b'fhéidir?

Dé Luain 2 Meitheamh 2008

Lambeth agus Westminster

Bhíos i láthair ag comhdháil shuimiúil inniu i bPálás Lambeth anseo i Londain- áit chónaithe Ardeaspaig Chanterbury i gcathair Londain. Comhdháil de chuid CLAA- Cathedrals Library and Archives Association- a bhí ann.

Chas mé le Déan Chaisil (Cashel)- an Sár Oirmhinneach Philip Knowles (ar chlé, in aice liom)- ar mo bhealach isteach ar maidin- bhí sé ag freastal ar an gcomhdháil fosta. Tá cúram Leabharlainne Bholton i gCaiseal ar an Déan Knowles. Leabharlann í seo atá suite i dTeach Caibidle de chuid Ardeaglais Phádraig agus Eoin Baiste i gCaiseal. Tá bailiúchán mór leabhar ársa ann, curtha le chéile ag an tArdeaspag Theophilis Bolton idir 1730 agus 1744.

Lá fíor shuimiúil a bhí ann i Lambeth, agus thugamar cuairt ar an Seomra Caomhnaithe (ar chlé) i dTúr Morton sa phálás, áit ina caomhnaítear seanleabhair. Cuirfidh mé níos mó eolas suas ar ball. Agus sinn ag dul thar Thithe Parlaiminte Westminster i ndiaidh na comhdhála, stop Andrew MacKinlay MP chun labhairt linn. Seo an Teachta a bhí i gceannas ar Choiste de chuid Parlaimint Westminster nuair a croscheistíodh an t-eolaí rialtais David Kelly (nach maireann) faoin gcáipeis aisteach sin ("dodgy dossier") a d'ullmhaigh Rialtas Tony Blair sar a thosaigh an cogadh san Íaráic i 2003. Bhí an Teachta MacKinlay díreach ar a bhealach chun agallamh a dhéanamh le RTÉ!

Dé Domhnaigh 1 Meitheamh 2008

Déan nua insealbhaithe. Ard-Aifreann in All Saints, Londain

Bhí Ardteampall Chríost lán go doras le haghaidh searmanas insealbhaithe an Déin nua ar an Déardaoin seo chaite. Morán sagart as deoise Bhaile Atha Cliath agus níos faide i gcéin i láthair, mar aon le h-aíonna éacúiméineacha éagsúla. Bhí an tArdeaspag Caitliceach Rómhánach Diarmuid Martin ann- rud a bhí suimiúil go leor nuair a smaoiníonn tú gur iar-shagart Caitliceach a bhí á h-insealbhú! Chuir an tArdeaspag John Neill fáilte ar leith roimhe siúd. Bhí éide shagartúil an Ardeaspaig Neill agus éide an Déin nua an-ardeaglasta go fírinneach!

Go h-ardeaglasta mar a bhí sé, ní raibh searmanas sin na hardeaglaise fós chomh h-ardeaglasta céanna agus a bhí an tArd Aifreann (High Mass) ag a raibh mé inniu in All Saints, Margaret Street anseo i Londain! Túis, coinnle, agus fiú Teachtaireacht an Aingil (an tAngelus) ag deireadh an aifrinn, sa tséipéal Anglacánach seo, é bunaithe le linn ré Gluaiseachta Oxford. Chonaic mé sa bhileog seirbhíse go mbeidh Tráth na gCeist de chuid All Saints ar siúl ar an 26 Meitheamh, i séipéal St Botolph without Bishopsgate. Tá an Dr Urramach Alan McCormack, iar-shéiplíneach Choláiste na Tríonóide, anois ina shagart paróiste ansan.

Dé Céadaoin 28 Bealtaine 2008

Binse comórtha do Leaslaoi Ó Briain seolta

Ag ócáid speisialta i leabharlann Choláiste na Tríonóide tráthnóna, seoladh binse comórtha in onóir Leaslaoi Ó Briain nach maireann.

Fuair Leaslaoi bás ar an 18 Nollaig 2007, in aois a 56. Bhí sé mar Leabharlannaí Cúnta i gColáiste na Tríonóide le blianta fada.

Runaí Onórach ar Chumann Gaelach na hEaglaise a bhí ann ó bhí sé ina dhalta ollscoile. Rinne sé sár-obair ag eagrú imeachtaí an Chumainn, go háirithe na seirbhísí rialta Gaeilge. Fear mór iascaireachta a bhí ann fosta.

Tá an bínse nua suite in aice Mhusaem an Choláiste. Bhí slua mór i láthair de chomhoibrithe agus de cháirde Leaslaoi, agus sna hóráidí a tugadh, moladh é as cé chomh cineálta agus a bhí sé, mar chomhoibrí agus mar dhuine.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Déan nua le h-insealbhú in Ardteampall Chríost

Beidh searmanas insealbhaithe Déin nua Ardteampaill Chríost ( Christ Church cathedral ) ar siúl ar an Deardaoin seo chugainn (29ú) ar a 8.00in i mBAC.

Tagann an tUrr Dermot Dunne, arbh as Mala i gCo Chorcaí dó, i gcomharbacht ar Desmond Harman, (nach maireann), fear uasal a rinne an-chuid don Ghaeilge fad is a bhi sé mar Dhéan, trí féiltí agus seirbhísí a h-éascú san ardeaglais.

Is iar-shagart Cailtliceach Rómhánach é an tUrr Dunne.

Bíonn seirbhís mhíosúil ag Cumann Gaelach na hEaglaise (ar an Domhnach deireanach de gach mhí) san ardeaglais.

Ó ham go cheile, bíonn seirbhís canta d'Urnaí na Nóna (i. Evensong i nGaeilge) ann. Uair sa mhí, bíonn seirbhís machnaimh ciúin ann- "Spiorad". Seirbhís í seo ina mbíonn roinnt paidreacha agus ceol i nGaeilge mar chuid di.