Dé Luain 2 Meitheamh 2008

Lambeth agus Westminster

Bhíos i láthair ag comhdháil shuimiúil inniu i bPálás Lambeth anseo i Londain- áit chónaithe Ardeaspaig Chanterbury i gcathair Londain. Comhdháil de chuid CLAA- Cathedrals Library and Archives Association- a bhí ann.

Chas mé le Déan Chaisil (Cashel)- an Sár Oirmhinneach Philip Knowles (ar chlé, in aice liom)- ar mo bhealach isteach ar maidin- bhí sé ag freastal ar an gcomhdháil fosta. Tá cúram Leabharlainne Bholton i gCaiseal ar an Déan Knowles. Leabharlann í seo atá suite i dTeach Caibidle de chuid Ardeaglais Phádraig agus Eoin Baiste i gCaiseal. Tá bailiúchán mór leabhar ársa ann, curtha le chéile ag an tArdeaspag Theophilis Bolton idir 1730 agus 1744.

Lá fíor shuimiúil a bhí ann i Lambeth, agus thugamar cuairt ar an Seomra Caomhnaithe (ar chlé) i dTúr Morton sa phálás, áit ina caomhnaítear seanleabhair. Cuirfidh mé níos mó eolas suas ar ball. Agus sinn ag dul thar Thithe Parlaiminte Westminster i ndiaidh na comhdhála, stop Andrew MacKinlay MP chun labhairt linn. Seo an Teachta a bhí i gceannas ar Choiste de chuid Parlaimint Westminster nuair a croscheistíodh an t-eolaí rialtais David Kelly (nach maireann) faoin gcáipeis aisteach sin ("dodgy dossier") a d'ullmhaigh Rialtas Tony Blair sar a thosaigh an cogadh san Íaráic i 2003. Bhí an Teachta MacKinlay díreach ar a bhealach chun agallamh a dhéanamh le RTÉ!

No comments: