Dé Máirt 17 Meitheamh 2008

Laethanta suimiúla romhainn

Céard a tharlóidh anois? Mhol Fintan O'Toole san Irish Times inné go dtabharfaí Sinn Féin ar bórd fhoireann idirbheartaithe na hÉireann, foireann a bheidh ag iarraidh bealach chun tosaigh a aimsiú, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe Eorpacha. Seo moladh aisteach ón Uasal O'Toole, fear nach bhfuil gean ar bith aige ar Shinn Féin ná ar an náisiúnachas i gcoitinne. Ach síleann O'Toole go labhrann Sinn Féin ar son níos mó Éireannaigh anois (ar an gceist seo ar aon chuma) ná mar a labhrann an Rialtas féin. Ach dhiúltaigh an tAire Micheál Martin dul i gcomhairle le Shinn Féin, ar an mbonn go bhfuil fóram acu sa Dáil le ceisteanna a ardú.

Tá Nicolas Sarkozy ag tagairt do "l'incident irlandais". Tá Declan Ganley agus Libertas ag moladh go rithfear reifreann sa Ríocht Aontaithe. Tá William Hague, na Coimeádaigh agus sciar maith de phreas Shasana (slán mar a n-insítear é!) ag rá nár cheart bullaíocht a bheith á dhéanamh ar na hÉireannaigh! Ar an taobh eile, tá an chaint ag treisiú go mbeidh reifreann eile againn. Deireann Brian Cowen le José Emmanuel Barroso go bhfuil Conradh Liospóin fós beo (dar le Barroso). Is feidir bheith cinnte go mbeidh reifreann eile ann- muna dhiúltaíonn tír eile don chonradh. Seans fós go ndiúltóidh Poblacht na Seice don bheartas. Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén saghas beartais a chuirfear os ár gcomhair an chéad babhta eile. An rachaidh cuid le lucht "níl" i dtreo "tá"? Nó an rachaidh sciar de lucht "tá" i dtreo "níl"? Nósfaidh an aimsir. Laethanta suimiúla, cinnte!

No comments: