Dé Sathairn 8 Bealtaine 2010

An tEaglaiseach Gaelach- Dónall A. R. Caird






















Tá cáil mhór ar an Easpag Dónall Caird, a théann i bhfad thar limistéar phobal Eaglais na hÉireann. Tá an-suim curtha aige sa Ghaeilge, san Oideachas agus san Fhealsúnacht le linn a shaol.


Rugadh Dónall i mí na Nollag 1925. D’fhreastail sé ar Choláiste Wesley ó 1936 go 1944, agus is sa thréimhse seo a chuir sé suim sa Ghaeilge ar dtús.


D’fhreastail sé ar sheirbhís in Ardeaglais Naomh Pádraig, agus chuir sé iontas air a chomh-chreidmhigh a chloisteáil i mbun adhartha trí Ghaeilge. Thug sé a chéad chuairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus ar an Bhlascaod Mhór. D’aimsigh sé Séipéal Chill Maoilchéadair agus pobal Protastúnach Gaeltachta, agus d’fhás a ghrá don teanga ó shin i leith.


Bhí Dónall ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide idir 1944 agus 1950. Oirníodh mar dheagánach é i 1950, agus mar shagart i 1951. Níos déanaí, ceapadh mar reachtaire é ar Pharóiste Rath Mhichíl, Sean Cill, Baile Átha Cliath. Phós sé le Nancy Ballatyne-Sharpe sa bhliain 1963. Tá beirt iníon acu, Ann (pósta le Richard agus trí pháistí acu) agus Helen, agus mac, John (pósta le Julie agus cúig pháiste acu).


I 1970 toghadh mar Easpag ar Luimneach, Ard Fearta agus Achadh Deo é. Sna 1970idí, bhíodh seirbhísí Gaeilge á reáchtáil sa samhradh i Séipéal Chill Maoilchéadair, agus Seán Ó Riada agus Cór Chúil Aodha rannpháirteach ann.


Ceapadh mar bhall de Bhord na Gaeilge i 1975 é nuair a bhí an Dr TK Whitaker ina chathaoirleach. Bhí Dónall mar easpag ar an Mhí agus Cill Dara idir 1976 agus 1985, sular toghadh mar Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath é. Bhí sé mar Chathaoirleach ar Choláiste Móibhí, an t-aon scoil lán-Ghaeilge Protastúnach sa tír.


Labhair Dónall ag neart ócáidí Gaeilge thar na blianta, mar shampla ag Éigse na Máighe i gCo Luimnigh, seoladh Bhíobla Naofa Mhaigh Nuad, Seirbhís d’Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1993, Éigse Thomáis Bháin in Inis Meáin i 1996 agus eile. Chuir sé aistriúchán Béarla ar roinnt iomainn Ghaeilge sa Church Hymnal.


D’éirigh sé as mar Ardeaspag i 1996. Sa bhliain 2000, scríobh an t-údar Risteard Ó Glaisne nach maireann, caibidil faoi Dhónall ina leabhar “De Bhunadh Protastúnach”. I 2006, thug Dónall léacht faoi Dhúghlas de hÍde ag Scoil Samhradh na hAthbheochana Ceiltigh ar Inis Oírr.

Tá cónaí anois air i nDún Laoghaire le Nancy. Ó am go chéile, ceiliúrann sé an Eocairist i nGaeilge in Ardteampall Chríost do Chumann Gaelach na hEaglaise, agus bíonn sé i láthair ‘chuile bhliain ag an tSeirbhís Idirchreidmheach Gaeilge do Sheachtain na hAontachta Críostaí, a eagraíonn Cumann Gaelach na hEaglaise agus Pobal an Aifrinn.


I mbliana, tá Dónall ag ceiliúradh 50 bliain ó ceapadh mar reachtaire é, agus 40 bliain mar Easpag. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air ar an 22 Aibreán mar aitheantas dá chuid oibre don teanga, agus ghlac Nancy leis ar a shon. Tá an onóir seo tuillte go maith aige!


Foilsiodh an t-alt seo i Gazette Eaglais na hÉireann ar an 7 Bealtaine 2010


No comments: