Dé Sathairn 5 Iúil 2008

The Cloud of Unknowing

Beidh ceolchoirm speisialta ar siúl ar an Deardaoin seo chugainn (10ú Iúil) in Ardteampall Chríost ( Christ Church Cathedral ), in onóir an Déin Desmond Harman, a fuair bás ar an 18 Nollaig anuraidh. Oratorio nua le Francis Pott, "The Cloud of Unknowing" atá ann, ina tugtar léiriú ar an dúil a chuireann an cine daonna sa chogaíocht, ach íobairt Chríost ar an gcros mar bhuaicphointe ag an bpíosa. Tá oíche den scoth i ndán d'éinne a bheas i láthair.


Le linn dó bheith ina Dhéan, spreag Des forbairtí ar liotúirge Ghaeilge na hardeaglaise, agus bhí seirbhisí canta Gaeilge d’Urnaí na Nóna (Evensong) san ardegalais trí huaire- uair amháin i 2006 agus faoi dhó i 2007.

Anuraidh, choimisiúnaigh Cumann Gaelach na hEaglaise leaganacha nua Gaeilge le Siomón MacÉil ar an Magnificat agus ar Nunc Dimittis , agus canadh iad don chead uair i mí Meán Fomhair 2007 ag an féile Colmcille @ Ardteampall Chríost. Shocraigh Des fosta go ndéanfar an cumadóir cáiliúil Seoirse Bodley a choimisiúnú chun aintiún córúil nua a chumadh, agus nuair a moladh Amra Choluim Chille dó mar bhun-théacs, ghlac Des go fonnmhar leis. Chuir Des bunus úr le seirbhís bhliaintiúil na Saoránachta, agus chinn sé anuraidh ar an tseirbhís chathartha seo a roinnt le leas-Ardeaglais (Chaitliceach Romhánach) Mhuire gach dara bhliain. Bhi an tseirbhís ar ais in Ardteampall Chríost i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, agus chuir Des an Ghaeilge go lárnach istigh ann, le léachtaí agus orthaí sa teanga. Bhí suim agus meas aige ar an teanga, agus leirigh sé seo ar bhealaí praicticiúla agus tré thacaíocht a thabhairt d'imeachtaí. Fear lách, cáirdiúil, umhal a bhí ann. Go ndéana Dia grásta air.

(Foilsíodh cuid de seo i Gazette Eaglais na hÉireann i 2007).

No comments: