Dé Máirt 29 Iúil 2008

Blaganna agus bligeardacht ag Lambeth

Tá Lambeth ag dul ar aghaidh i gcónaí, ar champas ollscoile Kent. Ní mór do Gene Robinson, an "t-aon aerach sa tsráidbhaile anglacánach" (dar le leithéidí Peter Akinola, príomháidh na Nigéire) a bheith ag crocadh timpeall ag an mhargadh ar imeall na comhdhála- áit, dála an scéil, ina ndíoltar éide breá órga agus mítéir álainn leis na heaspaig fhearúla eile!) - mar nach bhfuil cead isteach aige. Tá cur síos ar an mhargadh ar an Mad Priest's Blog anseo (blag an tsagairt chuthaigh?).


Tá roinnt des na heaspaig ag coinneáil blaganna iad féin le linn na comhdhála. Tá ceann maith ag Easpag Chorcaí, Paul Colton, (nó "Purple Spice" mar a tugadh air i ndiaidh dó Posh 'n Becks a phósadh le chéile i 1999). B2daC atá mar theideal air- tá sé le fáil anseo. Tá blag ag Gene Robinson féin "Canterbury Tales from the Fringe".

Tá imní ar Harold Miller, Easpag an Dúin agus na Droime Móire, faoin treo ina bhfuil an Chomaoineach Anglacanach ag dul- is easpag ó "eite shoiscéalach" Eaglais na hÉireann é- agus é glan in aghaidh glacadh le haeraigh mar shagairt ná mar easpaig. Ná bígí ag rá nach dtugann crosbhealaí gach taobh den scéal (nó nasc chuige ar a laghad!)- tá blag coimeádach anglacanach le fáil anseo.


Tá suíomh maith ann- http://www.cartoonchurch.com/, a thugann léargas greannmhar ar imeachtaí eaglasta. Is breá liom an cartún seo thíos.



Ach, dáiríre, an bhfuil cead ag easpaig bheith ag gáire? Seo físeán ó Mhór-Ócáid Ghriangrafadóireachta Lambeth:



Seo tuairisc YouTube ar an Eocairist in Ardeaglais Canterbury a chuir tús oifigiúil leis an chomhdháil.



Dé Máirt 15 Iúil 2008

Lambeth le tosú- Robinson in aice láimhe


Tá na h-easpaig atá le freastal ar chomdháil domhanda na heaglaise anglacánaí i Lambeth Shasana ar tí Blighty a bhaint amach.Tiocfaidh a bhformhóir amárach. Ach tá an t-easpag dúshlánach Gene Robinson i Sasana cheana féin- agus thárla an léirsiú seo ina choinne i séipéal i Londain (mo bhuíochas don bhlagálaí Paddy Anglican as an eolas seo). Críostaithe in adharca a chéile. Níl cuireadh faighte ag Robinson chuig na comhdhála-ach tá sé ann fós- le cur i gcuimhne dóibh siúd atá i láthair gur féidir na súile a dhalladh ar feadh tamaillín, ach ní féidir na fíricí a cheilt- gur chruthaigh Dia gach chineál duine, le buan-tréithe nádúrtha, go raibh maitheas ina chruthú, agus gur ionann iad go léir ina shúile. Dar le Robinson, sheas Críost i gcónaí leis an lucht a bhí fágtha as (i gcomhthéacs an chultúir ina raibh sé ag gníomhú). Ar a laghad (agus gan a h-iliomad lochtanna a shéanadh), tá an Chomaoineach Anglacánach ag caint faoin nádúr daonna mar atá sé (ní mar ba mhaith leo é a bheith)- aeraigh agus mná a bheith ag dul le sagartacht- rudaí a chaithfidh an Eaglais Chailtliceach Rómhanach dul i ngleic leo, uair éigin...amach anseo...

Dé Sathairn 5 Iúil 2008

The Cloud of Unknowing

Beidh ceolchoirm speisialta ar siúl ar an Deardaoin seo chugainn (10ú Iúil) in Ardteampall Chríost ( Christ Church Cathedral ), in onóir an Déin Desmond Harman, a fuair bás ar an 18 Nollaig anuraidh. Oratorio nua le Francis Pott, "The Cloud of Unknowing" atá ann, ina tugtar léiriú ar an dúil a chuireann an cine daonna sa chogaíocht, ach íobairt Chríost ar an gcros mar bhuaicphointe ag an bpíosa. Tá oíche den scoth i ndán d'éinne a bheas i láthair.


Le linn dó bheith ina Dhéan, spreag Des forbairtí ar liotúirge Ghaeilge na hardeaglaise, agus bhí seirbhisí canta Gaeilge d’Urnaí na Nóna (Evensong) san ardegalais trí huaire- uair amháin i 2006 agus faoi dhó i 2007.

Anuraidh, choimisiúnaigh Cumann Gaelach na hEaglaise leaganacha nua Gaeilge le Siomón MacÉil ar an Magnificat agus ar Nunc Dimittis , agus canadh iad don chead uair i mí Meán Fomhair 2007 ag an féile Colmcille @ Ardteampall Chríost. Shocraigh Des fosta go ndéanfar an cumadóir cáiliúil Seoirse Bodley a choimisiúnú chun aintiún córúil nua a chumadh, agus nuair a moladh Amra Choluim Chille dó mar bhun-théacs, ghlac Des go fonnmhar leis. Chuir Des bunus úr le seirbhís bhliaintiúil na Saoránachta, agus chinn sé anuraidh ar an tseirbhís chathartha seo a roinnt le leas-Ardeaglais (Chaitliceach Romhánach) Mhuire gach dara bhliain. Bhi an tseirbhís ar ais in Ardteampall Chríost i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, agus chuir Des an Ghaeilge go lárnach istigh ann, le léachtaí agus orthaí sa teanga. Bhí suim agus meas aige ar an teanga, agus leirigh sé seo ar bhealaí praicticiúla agus tré thacaíocht a thabhairt d'imeachtaí. Fear lách, cáirdiúil, umhal a bhí ann. Go ndéana Dia grásta air.

(Foilsíodh cuid de seo i Gazette Eaglais na hÉireann i 2007).

Dé Máirt 1 Iúil 2008

Stáisiún na bPiarsach

Tháinig mearbhall orm ar an Domhnach seo chaite agus mé ag dul thar stáisiún traenach/DART ar Ré Westland i dteannta m'athair. Chonaiceamar fógra lasmuigh den stáisiún- "Stáisiún na bPiarsach". Shíleamar gur botún a bhí ann. Chaithfeadh gur "Stáisiún an Phiarsaigh" an t-ainm ceart, más rud é go raibh sé ainmnithe i ndiaidh Phádraig Mac Piarais? Chuimhigh muid ar ainm na scoile ar a fhreastal mé féin agus mo bheirt dheirfiúr i gCorcaigh- "Coláiste an Phiarsaigh". Agus ar "Áras an Phiarsaigh" i gColáiste na Tríonóide. An raibh an staisiún ainmnithe i ndiaidh iliomad Piarsach? Ar ndóigh, bhí dul amú orainn beirt. Ar an traen abhaile go Corcaigh dó, rith sé le m'athair go gcaithfí go raibh an staisiún ainmnithe i diaidh Phádraig agus Willie beirt- na deartháireacha a cuireadh chun báis i ndiaidh Eirí Amach 1916. Fuaireas féin an freagra céanna nuair a d'ardaigh mé an cheist ag mo rang cruinnis i nGaelchultúr aréir.


Is deas é gur ainmníodh an staisiún i ndiaidh na beirte. Ní chuimhnítear minic go leor ar Willie- ealaíontóir, a rinne staidéar ag an Metropolitan School of Art. Chabhraigh sé lena dheartháir Scoil Éanna a rith.





Chuaigh Willie isteach in Oglaigh na hÉireann lena dhearthair, agus ghlac páirt san Eirí Amach. Ar an 3 Bealtaine 1916, agus é mar phríosúnaí i gCill Mhaighneann, tugadh cead dó ar deireadh cuairt a thabhairt ar a dhearthair Pádraig, ach ar a bhealach thall, cuireadh Pádraig chun báis. Cuireadh Willie féin chun báis an lá dar gcionn.


Níor chreid Pádraig go gcuirfí Willie chun báis.


Ina dhán "To My Brother", scríobh Pádraig:

"Leaving all things for me, spending yourself

In the hard service that I taught to you,

Of all the men that I have known on earth,

You only have been my familiar friend,

Nor needed I another."